Stair Chumann Carad Na Gaeilge / History of The Philo-Celtic Society
Athbheochan na Gaeilge / Renaissance of the Irish Language

 

Nua! / New!

* Ranganna Saora ar an Idirlíon! / Free Irish Classes on the Internet!

Podchraoladh as Gaeilge! / Podcasting in Irish!

* Scannáiníní as Gaeilge! / Little Films In Irish!

* An Gael - Scríobh Ailt! / The Gaelic Person - Contribute Articles!

* Poiblíocht Shaor Do Ghaeilge! / Free Publicity for Irish Language Events!

* Buann CCNG An Comórtas Domhanda! / Philo-Celtic Wins The Global Gaeilge Competition!

* Fáinne Idirlín Do Bhaill ! / Webring For Members!

 

Ár gCumann: / Our Society:

Fáilte / Welcome

Cuspóirí / Goals

Stair / History

Ballraíocht / Membership

Déanmhas / Structure

 
Ár nGníomhaíochtaí: / Our Activities:

1. Tacaíocht / Support

2. Neartú / Strengthening

3. Cothú / Promotion & Encouragement

4. Cleachtadh / Use

5. Craobhscaoileadh / Broadcast

6. Fairsingiú / Expansion

7. Múineadh / Teaching

8. Athbheochan - Achoimre Ár nGníomhaíochtaí / Renaissance - Summary Of Our Activities

 
Uimhir Bhuillí Ó
1 Samhain, 2004
Free Web Site Counter
Number Of Hits Since
November 1, 2004




The Irish Language
Alive Worldwide Today
******************************************************************************************
CUMANN CARAD NA GAEILGE

THE PHILO-CELTIC SOCIETY
******************************************************************************************

 

ÁR mBUNATHEOIR / OUR FOUNDER

MÍCHEÁL Ó LÓCHÁIN

1836 - "Is i gCurrach Doire, Baile an Mhuillinn, Contae na Gaillimhe, sa bhliain 1836 a rugadh Mícheál Ó Lócháin.  San General Valuation of Rateable Property in Ireland a cuireadh i gcrích faoi údarás Richard Griffith (1855), ainmnítear deichniúr sealbhóirí i gCurrach Doire, a raibh talamh ar léas acu ó Courtney K. Clarke.  I measc liosta na n-ainmneacha seo tá Patrick Lohan a raibh léas ar thimpeall ceithre acra dhéag aige.  Is é is dóichí gur ar an bhfeirm bheag sin a rugadh Mícheál Ó Lócháin...  D'úsáid sé an fhoirm Ó Lócháin dá ainm sa Ghaeilge, agus Logan sa Bhéarla.  In Eanáir 1891 ... d'fhoilsigh sé ... an t-eolas seo a leanas...'M.J. LOGAN, Brooklyn, NY.  Born - P. Milltown, B., Dunmore, Co. Galway.  Paternal name:  O'Lochain; maternal, Oisin'...De mhuintir Oisín (Hession) ó Gharraí Mór an tSléibhe i gContae Mhaigh Eo ab ea a mháthair agus dar leis, ní raibh aon Bhéarla aici."   (Mícheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL le Fionnuala Uí Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo., Éire, 1990, Leathanaigh 11-13)  /  "It's in the townland of Currach Doire, Milltown, Co. Galway that Mícheál Ó Lócháin was born in 1836.  In the General Valuation of Rateable Property in Ireland which was completed under the authority of Richard Griffith (1855), ten holders of property were named in Currach Doire, who had land on lease from Courtney K. Clarke.  Amidst this list of names is Patrick Lohan who had a lease of about fourteen acres.  It's most probable that on that small farm Mícheál Ó Lócháin was born...  He used the form Ó Lócháin in Irish and Logan in English.  In January 1891 .. he published .. this information which follows:  'M.J. LOGAN, Brooklyn, NY.  Born - P. Milltown, B., Dunmore, Co. Galway.  Paternal name:  O'Lochain; maternal, Oisin'...  His mother was of the family of Oisín (Hession) from Garraí Mór an tSléibhe in Co. Mayo and according to him, she had no English."  (translated from Mícheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL by Fionnuala Uí Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo., Éire, 1990, pages 11-13)

1836-1854 - Mar tá a fhios againn, bhí Gaeilge agus Béarla líofa ag Ó Lócháin. "Níl aon amhras ach gurbh chainteoir dúchais Gaeilge Mícheál Ó Lócháin.  (Dúirt sé féin go minic go leor é sin. - eg.)  Má scrúdaítear léarscáil 7 agus 8, in alt Fitzgerald (1984), feictear go bhfuil Baile an Mhuilinn a bhí i mBarúntacht Dhún Mhóir (Dunmore), luaite mar cheantar ina raibh an Ghaeilge ag 90-100% de lucht na háite a rugadh idir na blianta 1831-1851.  Rugadh an Lóchánach i 1836, agus bhí sé ag freastal ar scoil sa cheantar go dtí 1854."  Freisin:  Ba le hArd-deoise Thuama Currach Doire ... agus b'é Seán Mac Héil an tArdeaspag a bhí ann le linn a óige.  Níor thaitin na Scoileanna Náisiúnta in aon chaoi le Seán Mac Héil...  Seans, mar sin, go ndeachaigh Ó Lócháin chuig ceann de scoileanna neamhspleácha Mhic Héil, mar sa bhliain 1890 luann sé conas mar a stiúrtaí foghlaim an Teagasc Críostaí (a scríobhadh le Mac Héil) le linn dó a bheith ar scoil...'It is the first Irish book we ever read...' "  Agus:  "Luaigh Ó Lócháin na téacsleabhair a bhíodh á n-úsáid sa scoil le linn dó a bheith inti.  B'iad sin The Universal Spelling Book, leabhar mhatamaitice Gough agus leabhar de chuid Voster..."  (Mícheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL le Fionnuala Uí Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo., Éire, 1990, Leathanaigh 11-13)  /  As we know, Ó Lócháin was fluent in Irish and English.  "There's no doubt that Mícheál Ó Lócháin was a native-speaker of Irish.  (He said that himself often enough. - ed.)  If maps 7 and 8 in Fitzgerald article (1984) are examined, it will be seen that Milltown, which was in the barony of Dunmore, is mentioned as a district in which 90-100% of the people of the place between the years 1831 and 1851 spoke Irish.  Ó Lócháin was born in 1836, and he attended school in the district until 1854."  Also:  Currach Doire was in the Arch-Diocese of Tuam... and Seán Mac Héil (John McHale) was the Archbishop there during Mícheál's youth.  Seán Mac Héil was not pleased with the National Schools...  Therefore it's a chance that Ó Lócháin went to one of Mac Héil's independent schools, given how the learning of Teagasc Críostaí (which was written by McHale) was conducted during his time at school..."It is the first Irish book we ever read...' "   And:  "Ó Lócháin mentioned the textbooks which used to be used during his time in school.  They were The Universal Spelling Book, Gough's mathematics book, and one of Voster's books..."   (translated from Mícheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL by Fionnuala Uí Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo., Éire, 1990, pages 11-13).  

1870 - Deirtear go bhfuair Ó Lócháin a chéad phost i Meiriceá sa bhliain seo, mar mhúinteoir scoile.  (Mícheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL le Fionnuala Uí Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo., Baile Átha Cliath, 1990, L. 14)  /  It's said that Ó Lócháin got his first job in America in this year, as a school teacher.  (translated from Mícheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL by Fionnuala Uí Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo., Dublin, 1990, page 14).  

Don gcuid eile den scéal, féach ar Stair / History .  /  For the rest of the story, see Stair / History .


 

Copyright 2005 Cumann Carad Na Gaeilge
All Rights Reserved