Athbheochan na Gaeilge /
Renaissance of the Irish Language
Nua! / New!
*
Ranganna Saora ar an Idirlíon!
/ Free Irish Classes on the Internet!
Podchraoladh as Gaeilge!
/ Podcasting in Irish!
*
Scannáiníní as Gaeilge!
/ Little Films In Irish!
*
An Gael - Scríobh Ailt! / The Gaelic Person - Contribute Articles!
*
Poiblíocht Shaor Do Ghaeilge! / Free Publicity for Irish
Language Events!
*
Buann CCNG An Comórtas Domhanda! / Philo-Celtic Wins The Global
Gaeilge Competition!
*
Fáinne Idirlín Do Bhaill ! / Webring For Members!
Ár gCumann: / Our Society: Fáilte
/ Welcome
Cuspóirí
/ Goals
Stair
/ History
Ballraíocht
/ Membership
Déanmhas
/ Structure
Ár nGníomhaíochtaí: / Our
Activities:
1.
Tacaíocht / Support
2.
Neartú / Strengthening
3.
Cothú / Promotion & Encouragement
4.
Cleachtadh / Use
5.
Craobhscaoileadh / Broadcast
6.
Fairsingiú / Expansion
7.
Múineadh / Teaching
8.
Athbheochan - Achoimre Ár nGníomhaíochtaí / Renaissance - Summary Of Our
Activities
Uimhir Bhuillí Ó
1 Samhain, 2004
Number Of Hits Since
November 1, 2004
|
The
Irish Language
Alive Worldwide Today
******************************************************************************************
CUMANN
CARAD NA GAEILGE
THE
PHILO-CELTIC SOCIETY
******************************************************************************************
STAIR CHUMANN CARAD NA GAEILGE /
HISTORY OF THE PHILO-CELTIC SOCIETY
Réamhrá: Tá
eagraíochtaí agus daoine iontacha le fáil atá díograiseach i réimsí eile
chultúr na nGael, mar an rince agus an ceol. Tá sár-mheas
againn orthu agus molaimid a n-obair ar son na healíon sin. I dtréimhsí eile ár staire, rinneamar iarracht a bheith gníomhach i ngnéithe
éagsúlachta eile ár gcultúir seachas an Ghaeilge, gach aon rud do gach aon
duine,
go dtí nach raibh an Ghaeilge tábhachtach ar bith do chuid is mó ár
mballraíochta. Sa chaoi sin, rinneamar dearmad ar ár
gcuspóir. Theip ar ár n-eagraíocht. Bhíomar ar tí a bheith
múchta go deo. Ach thosaigh Mícheál Ó Lócháin ár ngníomhaíochtaí
i mBrúiclinn i 1872 chun athbheochan domhanda na Gaeilge a chur ar bun.
Tugadh
an tuiscint sin ó lámh go lámh ón aimsir sin anuas go dtí ár n-aimsir
féin. Agus
ó 2004, táimid ag oibriú arís d'athbheochan na Gaeilge mar an fáth amháin
go bhfuil ár n-eagraíocht ann.
Introduction: There are organizations and
people to be found who are dedicated to other areas of Gaelic culture, such as
dance and music. We have great
respect for them and we praise their work on behalf of those arts. At
other periods of our history, we tried to be active in various other aspects of
our culture besides the Irish language, all things for all people, until the
Irish language wasn't important at all to most of our membership. In that
way, we forgot our purpose. Our organization failed. We were on the
brink of going out of existence forever. But Mícheál Ó Lócháin
started our activities in Brooklyn in 1872 in order to establish a worldwide
renaissance of the Irish language. That understanding was handed down from hand
to hand until our own time. And since 2004, we are again working for the
renaissance of the Irish language as the sole reason why our organization
exists.
Tá breis le fáil faoi Mhícheál Ó Lócháin ag
Ár
mBunaitheoir,
agus seo daoibh achoimre stair ár gCumainn: /
There is more to be found about Mícheál Ó Lócháin at
Our Founder.,
and here's a summary of
the history of our Society:
1836 - "Is i gCurrach Doire, Baile an
Mhuillinn, Contae na Gaillimhe, sa bhliain 1836 a rugadh Mícheál Ó Lócháin... De mhuintir Oisín (Hession) ó Gharraí Mór an tSléibhe i
gContae Mhaigh Eo ab ea a mháthair agus dar leis, ní raibh aon Bhéarla
aici." (Mícheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL le Fionnuala Uí
Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo., Éire, 1990, Leathanaigh 11-13) /
"It's in the townland of Currach Doire, Milltown, Co. Galway that
Mícheál Ó Lócháin was born in 1836... His mother was of the family of Oisín (Hession)
from Garraí Mór an tSléibhe in Co. Mayo and according to him, she had no
English." (translated from Mícheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL by
Fionnuala Uí Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo., Éire, 1990, pages 11-13)
1836-1854 - "Rugadh an Lóchánach i 1836,
agus bhí sé ag freastal ar scoil sa cheantar go dtí 1854." Freisin:
"...Seans ... go ndeachaigh Ó Lócháin chuig ceann de scoileanna neamhspleácha Mhic Héil, mar
sa bhliain 1890 luann sé conas mar a stiúrtaí foghlaim an Teagasc Críostaí
(a scríobhadh le Mac Héil) le linn dó a bheith ar scoil...'It is the first
Irish book we ever read...' " (Mícheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL le Fionnuala Uí Fhlannagáin, An
Clóchomhar Teo., Éire, 1990, Leathanaigh 11-13) / "Ó Lócháin was born in 1836, and he attended
school in the district until 1854." Also: "...it's a chance that Ó Lócháin
went to one of Mac Héil's independent schools, given how the learning of
Teagasc Críostaí (which was written by McHale) was conducted during his time
at school..."It is the first Irish book we ever read..." (translated from Mícheál
Ó Lócháin agus AN GAODHAL by Fionnuala Uí Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo.,
Éire, 1990, pages 11-13).
1870 - Deirtear go bhfuair Ó Lócháin a
chéad phost i Meiriceá sa bhliain seo, mar mhúinteoir scoile. (Mícheál
Ó Lócháin agus AN GAODHAL le Fionnuala Uí Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo.,
Baile Átha Cliath, 1990, L. 14) / It's said that Ó Lócháin got
his first job in America in this year, as a school teacher.
(translated from Mícheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL by Fionnuala Uí
Fhlannagáin, An Clóchomhar Teo., Dublin, 1990, page 14).
Earrach 1872 - D'fhoilsigh The
Irish World (ceann desna nuachtáin Ghael-Mheiriceánacha i Nua Eabhrac)
litreacha scríofa le Mícheál Ó Lócháin faoin ainm cleite 'Gael' ag tagairt
"... the neglect to cultivate the National tongue ... suggesting the
necessity of preserving the Irish language in order to preserve Irish
nationality..." Mhol sé ranganna agus cumainn Ghaeilge a chur ar bun
chun an fhadhb seo a réitiú. ("'An Gaodhal' i Meiriceá" le Breandán Ó
Buachalla sa leabhar Go Meiriceá Siar, eagartha le Stíofán Ó
hAnnracháin. Baile Átha Cliath, An Clóchomhar Teo., L. 38) /
Spring 1872 - The Irish World (one of the Irish-American newspapers
in New York) published letters written by Mícheál Ó Lócháin under the pen
name 'Gael' referencing "...the neglect to cultivate the National tongue
... suggesting the necessity of preserving the Irish language in order to
preserve Irish nationality..." He recommended establishing
classes and Irish language organizations to solve this problem. ("'An
Gaodhal' i Meiriceá" by Breandán Ó Buachalla in the book Go Meiriceá Siar,
edited by Stíofán Ó hAnnracháin. Dublin, An Clóchomhar Teo., p. 38)
Fómhar 1872 - Tosaíonn Mícheál Ó Lócháin an
chéad "Philo-Celtic
Class" (.i. rang teagaisc na Gaeilge) do dhaoine fásta ag scoil Our Lady Of Victory,
583 Throop Avenue, Brooklyn, a raibh sé ina phríomhoide. (Foinse: Go
Meiriceá Siar, eagartha le Stíofán Ó hAnnrachán, An Clóchomhar
Teoranta, 1979, L. 38) Is í "grá na Gaeilge" an chiall
do "Philo-Celtic." Tá
sé seo roimh a bhí an Cumann ann go foirmiúil. / Fall 1872 - Mícheál Ó Lócháin
starts the first "Philo-Celtic class" (an Irish language instruction class) for adults at Our Lady Of Victory School,
583 Throop Avenue, Brooklyn, where he is principal. (Source: Go
Meiriceá Siar, edited by Stíofán Ó hAnnrachán, An Clóchomhar
Teoranta, 1979, p. 38) 'Philo-Celtic' means "love of the
Irish language." This
is before the Society exists in a formal manner.
1873 - Ach spreagann sé seo eagrú an chéad
"Philo-Celtic Society" go foirmiúil - Cumann Carad na Gaeilge Bhoston
/ But this encourages the formal organization of the first Philo-Celtic
Society - The Boston Philo-Celtic Society.
1874 - Eagraíonn Mícheál Ó Lócháin agus a
chairde go foirmiúil an dara "Philo-Celtic Society"
- Cumann Carad na Gaeilge Bhrúiclinn. / Mícheál Ó Lócháin
and his friends formally organize the second Philo-Celtic Society - The
Brooklyn Philo-Celtic Society.
1878 - Cónaíonn cuid mhaith na mball Bhrúiclinn
i Manhattan. Eagraíonn siad go foirmiúil an triú "Philo-Celtic Society" - Cumann
Carad na Gaeilge Nua Eabhraic. Ag an am seo, níl Brooklyn sa
chathair New York. Tagaimid anuas go díreach ó Chumann Carad na Gaeilge
Nua Eabhraic, agus tagann Cumann Carad na Gaeilge Nua Eabhraic go díreach as Cumann Carad
na Gaeilge Bhrúiclinn. (Foinse:
Mícheál Ó
Lócháin Agus An Gaodhal le Fionnuala Uí Fhlannagáin, An Clóchomhar
Teoranta, 1990, L. 65) / A good number of the Brooklyn members
live in
Manhattan. They formally organize the third Philo-Celtic Society - The New
York Philo-Celtic Society. At this time, Brooklyn is not in the City Of
New York. We descend directly from The New York Philo-Celtic Society and The New York
Philo-Celtic Society comes directly out of The Brooklyn Philo-Celtic Society. (Source:
Mícheál Ó Lócháin Agus An Gaodhal le Fionnuala Uí
Fhlannagáin, An Clóchomhar Teoranta, 1990, p. 65)
1873-1881 - Tagann a lán
daoine isteach sna cumainn "Philo-Celtic" nach bhfuil suim acu sa
teanga. Shíl Ó Lócháin go raibh a chuspóir léir i n-ainmneacha an
Chumainn (.i. Cumann Carad na Gaeilge agus 'Philo-Celtic' nó 'grá na
Gaeilge'), ach níor fhíor dó. / Many people join the
Philo-Celtic societies who don't have interest in the language. Ó
Lócháin thought that his objective was clear in the names of the Society
(i.e., Cumann Carad na Gaeilge and "Philo-Celtic" or 'love of the
Irish language'), but he was wrong.
1881 - Tionscnaíonn Ó
Lócháin "An
Gaodhal" (iris dhátheangach mhíosúil an Chumainn) chun athbheochan na
Gaeilge a chur ar aghaidh agus a shoiléiriú gur bhunaigh sé
"Philo-Celtic" d'athbheochan na Gaeilge. Ach bhí an capall as
an scioból cheana féin. / Ó
Lócháin initiates "An Gaodhal" (the Society's bi-lingual monthly magazine)
to advance the renaissance of the Irish language and to clarify that he
founded "Philo-Celtic" for the renaissance of the Irish
language. But the horse was already out of the barn.
1878 - 1899 - fairsingiú 7 scaipeadh na gCumann
"Philo-Celtic" ar fud Mheiriceá. Ainm eile donár ranganna ná
"The Gaelic League". Mar a fheicimid in "An Gaodhal", leanann fadhbanna ag Ó Lócháin le daoine,
craobhacha, agus cumainn "Philo-Celtic" a thugann mórlach a spéise
do ghníomhaíochtaí sóisialta cultúrtha nach mbaineann leis an teanga. / expansion and growth of
Philo-Celtic Societies throughout America. Another name for our classes
is "The Gaelic League". As we see in "An Gaodhal",
Ó Lócháin continues to have problems with people, branches, and
"Philo-Celtic" societies who give most of their interest to
social and cultural activities that don't relate to the language.
1891 - cuairt Dhubhghlas de hÍde ar Chumann Carad
na Gaeilge Nua Eabhraic agus ar ár ranganna / Douglas Hyde's
visit to New York Philo-Celtic Society and to our classes
1893 - Bunaíonn Dubhghlas de hÍde Conradh
na Gaeilge
i nÉirinn ag baint áise as ár gCumann agus ár ranganna mar
shamhail / Douglas Hyde founds The Gaelic League in Ireland using our
Society and our classes as a model
1899 - bás Uí Lócháin, 10 Eanáir
1899. Cuireadh i Reilig Na Croise Naofa é. / death of Ó Lócháin,
January 10, 1899. He was buried in Holy Cross Cemetery.
1904 - scor "An Gaodhal" / end of
"An Gaodhal"
1904-1945 - meath 7 múchadh na gCumann
"Philo-Celtic" ach i Nua Eabhrac / decline and extinguishing
of the Philo-Celtic Societies except in New York
am éigin roimh 1945 -
cumasc Bhrúiclinn 7 Mhanhattan i gCumann Carad Na Gaeilge Nua Eabhraic.
(An ndeachaigh Brooklyn as gnó agus an ndeachaigh a bhaill go Nua Eabhrac?) / sometime before 1945
- merger of Brooklyn & Manhattan in New York Philo-Celtic Society (Did
Brooklyn go out of business and did its members go to New York?)
1940í - 1950í - Tá ár gcairde Séamus Ó Maoláin,
Seosamh Ó hAileagáin, 7 Stan Ó Faoláin (gach ceann acu ar ball ina bhall
de Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín) gníomhach i "New York
Philo-Celtic". Tá Gaeilge á múineadh fós ach caitheann
gníomhaíochtaí eile am agus achmhainní an Chumainn. /
1940s-1950s - Our friends Jim Mullan, Joe Halligan, and Stan Whelan (each eventually a
member of The Gerry Tobin Irish Language School) are active in the New York
Philo-Celtic. Irish is still being taught but other activities expend
time and resources of the Society.
1960í - 1970í - meath agus ansin codladh.
Tá suim is mó ár mball i ngnéithe eile cultúrtha na hÉireann, ní sa
teanga. Ní íocadh dleacht do Council Of Gaelic Societies (nó do Chonradh
na
Gaeilge?) ó 1976 (mo nótaí ó 9/22/93) / 1960s -
1970s - decline and
then dormancy. Most of the interest of our members is in other
cultural aspects of Ireland, not in the language. Dues are unpaid to Council Of Gaelic Societies
(or Conradh na Gaeilge?) since 1976 (my notes from 9/22/93).
1982-1984 - "An Gael" (iris ráithiúil
as Sacsbhéarla de ghnáth) ag The Irish Arts Center i Manhattan / 1982-1984 -
"The
Gael" (quarterly magazine usually using English) at The Irish Arts
Center in Manhattan
12 Bealtaine 1993 - 1994 - Déanann Séamus
Ó Maoláin iarracht ar an gCumann a atheagrú. Earcaíonn Séamus a chairde ó
Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín cabhair a thabhairt dó. Tá Seosamh
Ó hAileagáin, Pam Tangredi, Gearóid Ó Ceallaigh, Conor Ó Ceallaigh, Máire
Ní Cheallaigh, Caitlín Ní Chuinn Bean Uí Lang, Peadar Chojnowski,
agus Aindí Ó Conlain (gach ceann acu ina múinteoirí nó scoláirí ag
Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín) i measc na mball nua. Tá Stan
Ó Faoláin (múinteoir ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín) ina bhall fós
ach tá na cruinnithe i Mineola ró-fhada uaidh. (Bhí cónaí ar Stan i
mBay Shore, Nua Eabhac.) Is mionlach iad seo i measc daoine eile nach bhfuil aon
suim acu sa teanga. Is deacair é a chreideamh, ach níor cuireadh aon
bhéim ar bith ar an dteanga agus níor mhúin Cumann Carad na Gaeilge an
teanga sa tréimhse seo. / May 12, 1993 - 1994 - Séamus Ó
Maoláin attempts to re-organize the Society. Séamus recruits his friends from
the Gerry Tobin Irish Language School to help him. Joe Halligan, Pam
Tangredi, Jerry Kelly, Conor Kelly, Maura Kelly, Caitlin Quinn-Lang,
Peadar Chojnowski, and Andy Conlon (each one of them teachers or
students at the Gerry Tobin Irish Language School) are among the new
members. Stan Whelan (teacher at The Gerry Tobin School) is still a
member but the meetings in Mineola are too far away. (Stan lived in
Bay Shore, New York.) These Irish speakers are a minority amongst others who
have no interest in the language. It's hard to believe, but no emphasis
was put on the language whatsoever and The Society Of Friends Of The Irish
Language did not teach the Irish language in this period.
1994 (nó 1995?) - Theip ar iarracht Shéamuis.
/ 1994 (or 1995?) Séamus' attempt fails.
7 Deireadh Fómhair 2004 - atheagrú Chumann
Carad na Gaeilge. Ainmníonn Gearóid Ó Ceallaigh agus glacann Pam
Tangredi na baill nua seo: Réamonn Ó Cléirigh, Pádraig Ó
Clúmháin, Séamas Ó Neachtain, Máiréad Tillman, Tomás Muench, Lugh de
Paor, Máiréad Perron, agus Brian DeVale. / October 7, 2004
- reorganization of The Philo-Celtic Society. Gearóid Ó Ceallaigh
nominates and Pam Tangredi accepts these new members: Réamonn Ó
Cléirigh, Pádraig Ó Clúmháin, Séamas Ó Neachtain, Máiréad Tillman,
Tomás Muench, Lugh de Paor, Máiréad Perron, and Brian DeVale.
Deireadh Fómhair 7 Samhain 2004 - Aontaímid
dul ar ais go bun-chuspóirí ár gCumainn mar a mhínigh Mícheál Ó
Lócháin iad idir 1872 agus a bhás i 1899. Bhain na cuspóirí sin
leis an teanga amháin. / October & November, 2004 - We
agree to go back to the original goals of our Society as Mícheál Ó
Lócháin explained them between 1872 and his death in 1899. Those goals
dealt solely with the language.
15 Nollaig 2004 - deimhniú agus ath-abairt ár
gcuspóirí i gcruth soléir, sainiúil, agus cinnte chun fadhbanna ár staire
a sheachaint, mar seo leanas: / December 15, 2004 - confirmation and re-statement
of our goals in clear, specific, and certain form to avoid the mistakes of our
past, as follows:
"Beidh na cuspóirí seo ag ár gCumann*: /
"Our Society shall have these goals*:
1) tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh,
craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar
theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i
Meiriceá agus ar fud an domhain; / Our Society shall have these
goals: 1) the support, strengthening, promotion, practice, broadcast,
expansion, teaching, and renaissance of the Irish language as a living
language amongst the Children of the Gaeil and friends of the Gaeil, in
America and throughout the world;
2) athbheochan
agus aththionscnamh na Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann
le Sacsbhéarla mar thionlacan. /
the renaissance and re-establishment of the Irish language as the living
spoken language of Ireland with English as an accompaniment.
* Tugaigí faoi deara le bhur dtoil: mura mbaineann gníomhaíocht go díreach lenár gcuspóirí thuas agus a gcomhlíonadh, ní dhéanaimid í. /
* Please note: if an activity does not relate directly to our goals above and their fulfillment, we don't do it."
Do bhliana eile: / For other years:
1940í / 1940s
1957
1959-1969
1960í-1970í
2005
2006
Copyright 2005 Cumann Carad Na
Gaeilge
All Rights Reserved
|