Is sinne Cumann Carad na Gaeilge. Sa 19ú haois, nuair a bunaíodh ár gcumann, ba í "grá na Gaeilge" an chiall do "Philo-Celtic" i measc na nGael i Meiriceá.
Thosaigh Mícheál Ó Lócháin ár ngníomhaíochtaí le ranganna Gaeilge i mBrúiclinn i 1872 agus ár n-iris "An Gaodhal" i 1881, agus sa dóigh sin bhunaigh sé an ghluaiseacht Ghaeilge i Meiriceá. Idir 1872 agus 1893, d'fhás ár n-eagraíocht, ár gcraobhacha, agus cumainn neamhspleácha le "Philo-Celtic" orthu ar fud Mheiriceá. Tugadh "The Gaelic League" ar ár ranganna. Tháinig Dubhghlas de hÍde go Nua Eabhrac chun ár n-eagraíocht agus ár ranganna a fheiceáil i 1891. I 1893, bhain sé áis as ár gCumann mar a shamhail chun Conradh na Gaeilge a bhunú in Éirinn. An ghlúin ar mhúin Conradh na Gaeilge idir 1893 agus 1916 a ba an ghlúin a chuaigh chun tosaigh i dtionscnamh stáit nua-aimseartha na hÉireann.
Fuair Mícheál Ó Lócháin bás i 1899. Scoir foilsitheoireacht "An Gaodhal" i 1904. Mheath ár n-eagraíocht tríd an fichiú haois. Ach táimid ar ais anois, ag obair do athbheochan na Gaeilge ar fud an domhain agus a haththionscnamh mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan. Má's maith leat oibriú linn, teagmhaigh linn.
Le gach dea-ghuí, Gearóid Ó Ceallaigh / Jerry Kelly Rúnaí Fógraíochta / Publicity Secretary Cumann Carad na Gaeilge / The Philo-Celtic Society
R-phost: Téigh go http://groups.yahoo.com/group/philo-celticsociety/ agus tar isteach inár bpobal scoile. Ansin is féidir teachtaireachtaí a chur chuig: philo-celticsociety@yahoogroups.com
Bhí a lán fadhbanna againn le spam. Mar sin, nuair a chláraíonn tú, iarrfaimid ort scrúdú gnáthach i gcoinne spam a shárú.
|
|
We are The Philo-Celtic Society. In the 19th century, when our society was founded, the meaning of 'Philo-Celtic' for the Gaeil in America was "love of the Irish language".
Mícheál Ó Lócháin started our activities with Irish language classes in Brooklyn in 1872 and our magazine "An Gaodhal" in 1881, and in that way he founded the Irish Language movement in America. Between 1872 and 1893, our organization, our branches, and independent "Philo-Celtic" societies grew throughout America. Our classes were called "The Gaelic League." Douglas Hyde came to New York to see our organization and our classes in 1891. In 1893, he used our organization and our classes as his model to found The Gaelic League in Ireland. The generation which The Gaelic League taught between 1893 and 1916 was the generation which led in the establishment of the modern state of Ireland.
Mícheál Ó Lócháin died in 1899. "An Gaodhal" ceased publication in 1904. Our organization declined through the 20th century. But we're back, working for the renaissance of the Irish language throughout the world and its re-establishment as the living spoken language of Ireland with English as an accompaniment. If you want to work with us, contact us.
Le gach dea-ghuí, Gearóid Ó Ceallaigh / Jerry Kelly Rúnaí Fógraíochta / Publicity Secretary Cumann Carad na Gaeilge / The Philo-Celtic Society
Email: Go to http://groups.yahoo.com/group/philo-celticsociety/ and join our school community. Then you can send messages to philo-celticsociety@yahoogroups.com .
We had a lot of trouble with spam. So, when you register, we'll ask you to go through a typical spam test.
|