Who We Are

The Philo-Celtic Society has two levels of Membership

  • Meitheal Membership: members who work on committees of our Society or as officers of our Society and who are able to do the business of our Society through the medium of Irish

  • International Membership: members who provide other support to the Society

Meitheal Members and International Members can come from anywhere in the world. Meitheal Members have the right to vote but International Members do not.

Chair
Editor, An Gael
Séamas Ó Neachtain

Tá an t-oifigeach seo freagrach as eagrú chruinnithe na Meithle gach mí, ag freastal mar Chathaoirleach i gcruinnithe na Meithle, ag smaoineamh ar straitéisí chun ár gcuspóirí a chur ar aghaidh, agus ag obair le baill eile ár Meithle chun ár gcuspóirí a chomhlíonadh.

Secretary for History
Secretary for Language Rights
Bréanann Ó Catháin

Runai Stair: Tá an t-oifigeach seo freagrach as nóiméadaí ár gcruinnithe a scríobh chun stair ár gCumainn a choimeád. Oibríonn an t-oifigeach seo le Máistir an Idirlín chun na taifid seo a chur ar ár suíomh idirlín.

Runai um Chearta Teanga: Tá an t-oifigeach seo freagrach as cásanna a shainaithint in Éirinn ina mbíonn cearta teanga agus sibhialta na nGael á sárú. Is féidir leis an oifigeach seo an fhaisnéis seo a fháil go furasta ó bhunfhoinsí poiblí mar https://tuairisc.ie/ , https://www.coimisineir.ie/ , Rúnaí Teanga Chonradh na Gaeilge, agus araile. Leis an bhfaisnéis seo bailithe, is féidir lenár Rúnaí Poiblíochta agus Rúnaí Comhfhreagrais a oibriú chun brú idirnáisiúnta a tharraingt le chéile chun stad a chur leis na sáraithe sin. Oibreoidh an t-oifigeach seo is minice lenár Rúnaí Poiblíochta agus Rúnaí Comhfhreagrais.

Curriculum Secretary
Gearóid Ó Ceallaigh

Tá an t-oifigeach seo freagrach as múinteoirí a earcú agus as straitéisí a fhorbairt chun múineadh is éifeachtaí a chur i bhfeidhm.

Publicity Secretary
Pádraig Ó hÁinle

Ag obair leis an gCoiste Poiblíochta, tá an t-oifigeach seo freagrach as poiblíocht agus straitéisí a chruthú chun ár gcuspóirí, ár ngníomhaíochtaí, ár ranganna, agus ár n-iris a chur ar aghaidh.